Fáilte chuig
tabhairne-leo-Logo

An tábhairne is cáiliúla i nDún na nGall. Baile Clannad agus Enya.

An áit ina bhfuil muid

Tá Tábhairne Leo suite in Iarthuaisceart na hÉireann, in áit ghalánta ghleoite i sráidbhaile Mhín na Leice i gContae Dhún na nGall.

Lonnaithe feadh Slí an Atlantaigh Fhiáin taobh istigh den cheann scríbe a bhfuil tarraingt mhór ag turasóirí air idir Sliabh an Earagail agus Farraige an Atlantaigh, tá clú agus cáil ar Thábhairne Leo dá chuid ceoil agus ar ndóigh seo baile dúchais na gceoltórí iomráiteacha Enya, Clannad agus Moya Ní Bhraonáin.

Gailearaí A 600x600
Aimsigh

Ár Stair

B’é Leo Ó Braonáin agus a bhean chéile, Máire (Baba) a d’oscail Tábhairne Leo den chéad uair sa bhliain 1968 mar ionad siamsaíochta chun sult agus  pléisiúr a bhaint as an cheol beo. Tá sé anois in úinéiracht a mhic is óige, Bartley, agus i ndiaidh athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an fhoirgneamh bunaidh, d’ardaigh sé an áit le bheith mar an cheann scríbe is fearr siamsaíochta, idir Tábhairne agus Bialann, in Iarthuaisceart na hÉireann.

Tá na ballaí maisithe le dioscaí Óir agus Platanaim, earraí cuimhneacháin agus go leor leor grianghraif den teaghlach le haghaidheanna átá cáiliúil ó thaobh an cheoil de ar fud an domhain.

Tá rud inteacht i gcónaí ag gabháil ar aghaidh i dTábhairne Leo. Ar an tséala sin, tar isteach fá choinne béile deas blasta agus oíche bhreá siamsaíochta. Níl fhios agat chóiche cé bheadh ansin!

CUIR TÁBLA

IN ÁIRITHE

Tá Tábhairne Leo ar cheann de na tábhairní ceoil agus bialanna is cáiliúla i nDún na nGall, an áit iomráiteach as a dtáinig Clannad agus Enya a chuir tús lena slí bheatha i dTábhairne Leo. Ceol beo, bia ar dóigh agus craic. 

Aimsigh

Ár nGailearaí

Maisithe go baúíl i stíl teach leanna tíre, cruthaíonn an beár atmaisféar socúlach i rith oícheanta fuara an  gheimhridh ach ag an am chéanna coinníonn sé a mhothú cairdiúil de bheár Éireannach le ceol traidisiúnta a sheinm go bog sa chúlra. Tá pictiúirí agus cuimhneacháin éagsúla ar na ballaí chun an t-am atá thart a chur i gcuimhne dúinn.

Tá Tábhairne Leo suite in Iarthuaisceart na hÉireann, in áit ghalánta ghleoite i sráidbhaile Mhín na Leice i gContae Dhún na nGall.

TABHAIR CUAIRT ORAINN

Meenaleck, Crolly, Co. Dún na nGall

CUIR SCAIRT ORAINN

(074) 954 8143

CUIR RÍOMHPHOST CHUGAINN

info@leostavern.com

Glaoigh orainn

Please enter your name.
Please enter a valid email address.
Please enter a valid phone number.
Please type your message.
Scroll to Top